Bhí páipéar a scríobh fear i mBaile Átha Cliath dhom i mo láimh. Rug oifigeach orm. Labhair an Bhanríon leis agus lig sé uaidh mé. Labhair mé leis an mBanríon. Níor thuig sí mé. Shín mé an páipéar chuici. Thug sí an páipéar don oifigeach agus léigh sé é. Scríobh sé focla eicínt ar an bpáipéar agus thug sé ar ais dom é. Labhair an Bhanríon le bean eile a bhí in éineacht léi. Tharraing an bhean píosa coronach amach agus thug dom é. Thug mé an píosa corónach ar ais di, agus dúirt mé nach airgead a bhí uaim ach mo mhac. Rinne siad gáire. ’Sé mo bharúil nár thuig siad mé. Thaispeáin mé an páipéar dóibh arís. Leag an t-oifigeach a mhéar ar na focla a bhí sé thar éis scríofa. D’umhlaigh mé don Bhanríon agus d’imigh liom. Léigh fear dom na focla a scríobh an t-oifigeach. ’Séard a bhí ann go scríobhfaí chugam i dtaobh Chóilín gan mhoill. Bhuail mé an bóthar abhaile ansin ag súil go mb’fhéidir go mbeadh litir romham. Meas tú, a Sheáin,” arsa Muirne ag críochnú a scéil di, “an bhfuil aon litir ag an sagart? Ní raibh litir ar bith sa teach romham ag teacht amach an bóthar dhom ach tá mé ag ceapadh gur chuig an sagart a chuirfí an litir, mar tá seans go mbeadh a eolas ag na daoine móra.”
‘“Níl a fhios agam ar tháinig aon litir,” arsa mise. “Déarfainn nár tháinig, mar dá dtiocfadh bheadh an sagart á inseacht dúinn.”
‘“Beidh sí anseo lá ar bith feasta,” arsa Muirne. “Gabhfaidh mé isteach chuig an sagart ar chuma ar bith, agus inseoidh mé mo scéal dó.”
‘Isteach an bóthar léi agus suas an t-ard go dtí teach an tsagairt. Chonaic mé ag dul abhaile arís an oíche sin í agus an dorchadas ag titim. Is iontach mar a bhí sí á thabhairt do na bonnacha agus ar fhulaing sí d’anró is de chruatan le ráithe.

26
An Bhean Chaointe

Leathanach 26

Scéalta