Baineadh an-phreab as Mam bhocht. Níor fhan focal aici.
D'fhéach sí anall ormsa agus mheas mé nár fhan oiread luiche ionam leis an scanradh.
Chonaic mé go raibh sí go cráite dóite toisc an scéal a dhul amach roimh ré.
Níor mhaith liom í bheith ag féachaint orm agus d'imigh mé liom go maolchluasach go dtí an leaba agus gan é ach leathuair tar éis a seacht!
Deirimse leat nach raibh mé buíoch de mo theanga, mar cheap mé siúráilte go bhfaighinn búrdáil mhaith an oíche sin.
Ach ní bhfuair mé, a dhuine. Nuair a bhí Mam ag dul a chodladh tháinig sí le coinneal mar a raibh mé, agus d'fhéach sí orm. Bhí mé i mo chnap chodlata, a mhic ó, agus ní osclóinn súil liom ar mhíle punt.
"Hum," ar sise, "codladh an traonaigh chugatsa, a bhuachaill!" agus thuig mé go raibh drochamhras aici ar an suan a bhí orm. D'imigh sí, áfach, agus thug mé mo bhuíochas do Dhia a rug saor an uair sin mé.
Bhí babhta bruíne agam féin is ag Micilín Eoin lá arna mhárach. Nuair a chonaic sé chuige mé, "Ara féach aníos 'Father James'!" ar seisean.
Tháinig beirfean oilc orm chuige agus lean mé suas don pháirc é agus chuir mé fuil-shrón leis. B'fhéidir go muinfeadh sin béasa dó.
Ach níor stop sin an chuid eile den bhaile, mar bhíodh an t-ainm ar siúl acu go léir orm—mór mór ag na scithirí gearrchaillí. Bhí mé cráite acu; ach mé féin faoi deara é a scaoil le mo theanga i láthair Mháire Aindí.

115
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 115

Scéalta