Nuair a bhí na líonta bordáilte d'imigh Donncha Pheig abhaile ag iarraidh treabhsair iascaigh agus
lón bia i gcomhair na hoíche.
Chaith Tadhg Óg an seol isteach i dtosach na naomhóige, agus tar éis an naomhóg
a cheangal den bhfáinne iarainn, d'imigh sé féin agus athair Mhicilín abhaile
ag iarraidh culaith iascaigh agus lóin.
Bhí an ghrian imithe síos agus dath an chopair ar an spéir go léir thiar. Bhí an fharraige ar nós ruda a bheadh ina shuan, agus a huachtar mar a bheadh gloine le sleamhaine. Bhí gach aon rud chomh ciúin sin go dtiocfadh saghas uaignis ort, ach níorbh aon uaigneas é gur mhaith leat dul uaidh, ach is amhlaidh d'fhanfá i do thost gan corraí.
Níor chorraigh mé féin go ceann i bhfad, ach bhí mé ag iarraidh go bhfeicfinn Tír na nÓg thiar ar fad sa bhfarraige, ach ní fhaca.
Tadhg Óg a dúirt liom go bhfuil sí ann, agus gur chaith Oisín trí chéad bliain inti gan aon lá aoise a theacht air. Dúirt Niamh Chinn Óir leis gan dul thar n-ais go hÉirnn mos mó.
Ach phrioc an mí-fhortún é go dtiocfadh sé ag féachaint na seanmhuintire, agus ní túisce chuir sé a chos ar thalamh na hÉireann ná dhein seandhuine de, agus cailleadh ina dhiaidh sin é.
Nárbh é an t-amadán é Oisín nár fan mar bhí aige. Iomarca teaspaigh, is dócha.
A fhad a bhí na hiascairí thuas i measc na tithe, a dhuine, tháinig an-chuimhneamh dom go rachainn féin ag iascach leo an oíche sin. Ní raibh agam le déanamh ach dul isteach faoin seol sa naomhóig agus fanacht socair ann, agus ní thabharfaí faoi deara mé go mbeidís ró-fhada siar sa bhfarraige chun filleadh abhaile liom. Tháinig sé go léir i mo cheann mar d'imeodh piléar as guna.
Chuaigh mé isteach faoin seol.

99
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 99

Scéalta