‘Maidin lá arna mhárach bhí mé féin agus do mháthair ag ithe bricfeasta nuair a baineadh an laiste den doras, agus isteach le Cuimín Ó Nia. Ní raibh tarraingt na hanála ann.
‘“Cén scéal atá leat, a dhuine?” arsa mise.
‘“Drochscéal,” ar seisean. “Maraíodh an tiarna aréir. Fríoth ar an mbóthar é míle taobh thoir d’Uachtar Ard agus piléar trína chroí. Bhí an t-arm i dteach Mhuirne ar maidin ag tóraíocht Chóilín, ach ní raibh sé ann. Níor tháinig sé abhaile fós. Deirtear gurb eisean a mharaigh an tiarna. Is cuimhneach leat na focla a dúirt sé aréir?”
‘Léim mé i mo sheasamh agus amach an doras liom. Amach liom an bóthar agus soir go dtí teach Mhuirne. Ní raibh romham ach í féin. Bhí troscán an tí trína chéile san áit a raibh an t-arm ag cuartú. D’éirigh Muirne ina seasamh nuair a chonaic sí isteach an doras mé.
‘“A Sheáin Uí Chonaire,” ar sise, “ar son Dé na trócaire agus inis dom cá bhfuil mo mhac. Bhí tusa in éindí leis. Tuige nach bhfuil sé ag teacht abhaile chugam?”
‘“Bíodh foighid agat, a Mhuirne,” arsa mise. “Tá mé ag dul go hUachtar Ard ar a thóir.’
‘Bhuail mé an bóthar. Ag dul isteach ar shráid Uachtair Aird dom, chonaic mé an slua mór daoine. Bhí an droichead, agus an tsráid os comhair theach an phobail, dubh le daoine. Bhí daoine ag déanamh ar an spota ó gach uile aird. Ach, rud a chuir uamhan ar mo chroí, ní raibh fuaim as an gcruinniú uafásach sin daoine, ach súile chuile dhuine acu greamaithe i scata beag a bhí i gceartlár an chruinnithe.Lucht airm a bhí sa scata beag sin, cótaí dubha agus cótaí dearga orthu, agus gunnaí agus claimhte ina lámha; agus I measc na gcótaí dubh agus na gcótaí dearg chonaic mé buachaill tuaithe agus báiníní air. Cóilín Mhuirne a bhí ann agus é gafa ag an arm. Bhí éadan an bhuachalla bhoicht chomh bán le mo léine, ach bhí an ceann álainn crochta go huaibhreach aige, agus níor cheann cladhaire an ceann sin.

18
An Bhean Chaointe

Leathanach 18

Scéalta