Oíche airneáin sa gheimhreadh a bhí chugainn d’inis m’athair scéal Mhuirne dúinn ó thús deireadh. Is maith is cuimhin liom é ina shuí i lóchrann na tine, fear leathanghuailleach ach é beagán cromshlinneánach, a chuid gruaige ag liathachan, roic i gclár a éadain, féachaint bhrónach ina shúile. Bhí sé ag cur caoi ar sheanseol an oíche sin, agus bhíos-sa ar mo ghlúine lena ais in ainm is a bheith ag cuidiú leis. Bhí mo mháthair agus mo dheirfiúracha ag sníomh bréidín. Bhí Seáinín sínte ar a aghaidh ar an urlár agus é i ngreim i leabhar. Ach ba bheag í a aird ar an leabhar céanna, mar is é an caitheamh aimsire a bhí aige a bheith ag cur dinglise i mboinn mo chos-sa agus ag baint corrliomóige as mo cholpaí; ach de réir mar a bhog m’athair amach sa scéal chaith Seáinín uaidh a chuid leibideachta agus ba ghearr go raibh sé ag éisteacht le m’athair chomh haireach le duine. Ba dheacair gan éisteacht le m’athair nuair a d’insíodh sé scéal mar sin cois teallaigh. Ba bhinn an scéalaí é. Is minic a cheapainn go raibh ceol ina ghlór; ceol íseal uaigneach mar atá in andord an orgáin in ardteampall na Tuama.

13
An Bhean Chaointe

Leathanach 13

Scéalta