Lena linn sin tháinig Tadhg Óg, agus chonaic mé chugam anuas Micilín agus ceathrar de na buachaillí.
Ní raibh a chuid éadaigh i gceart ar aon duine acu.
Chrom mé láithreach ar a chur in iúl dóibh go raibh spiaire faoi ghlas agam i dtigh an bhainne;
go rabhamar ar feadh na hoíche ar a thóir; agus go gcaithfí é a lámhach nó é a chrochadh!
Ní raibh gíog as an mbioránach a bhí faoi ghlas. Is dócha go raibh sé ag breith chuige, an fear bocht!
Chrom siad sin de mo cheistiú-sa agus gearranáil orthu tar éis an phreaba bhain an scéal astu, agus leis an iontas; agus iad go léir ag caint os íseal.
Bhí mé féin agus Micilín ag iarraidh an scéal a chur i dtuiscint dóibh, agus gearranáil orainne, leis. Bhíomar i bhfad sular fhéadamar brí an scéil a chur ina luí orthu.
I lár na cainte istigh, cad a bhraithfimís chugainn i leith an bóthar ach trucail mhór ghluaisteáin agus solas mór, geal ar a thosach.
Stadamar le hiontas ag féachaint air agus gan aon fhocal asainn. Bhí sé ag gluaiseacht gur tháinig sé go bun an bhaile. Ansin stad sé agus léim gasra mór fear amach—saighdiúirí agus póilíní!
Chonaiceamar iad go léir ag teacht aníos faoi dhéin tí Thaidhg Óg.
"Droch-fhuadar!" arsa Tadhg Óg. "Seo libh; ní fearr bheith anseo."
D'éalaíomar linn suas gan iad dár bhfeiscint, agus nuair stadadar sin ag an teach stadamarna ag féachaint síos orthu.

80
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 80

Scéalta