Thángamar go dtí an tríú pota agus, am basa, bhí fámaire de ghliomach ann.
Nuair a chuireamar ar thóin an bháid é, bhí gach aon chnag aige lena eireaball.
Chuardaíomar cúig phota eile agus bhí trí ghliomach againn, ach má sea,
bhíomar i bhfad soir agus sinn ag druidim amach go dtí Gob an Ghéaráin.
Ní ró-mhaith is cuimhin liom cad a thit amach nuair thángamar go dtí an Gob.
Bhí an fharraige an-suaite díreach taobh amuigh de agus nuair tháinig an scanradh orainn agus chasamar chun teacht isteach, rug an ghaoth ón talamh, agus an taoide, ar an mbád agus tugadh amach faoin bhfarraige mhór sinn.
.

66
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 66

Scéalta