Caibidil 7: Mar a Chuaigh Jimín ar Seachrán Farraige

Níor éirigh idir mé féin agus Mam ar feadh i bhfad. Bhí mé i mo bhuacaill maith, tá fhios agat!
Nuair thagainn isteach istoíche d'insínn di gur thuas i dtigh Mháire Aindí a bhínn, ag tarraingt uisce agus ag breith móna isteach do Nell. Deireadh mo mháthair go mb'fhearr dom fuireach ar fad acu.
Ag magadh fúm a bhíodh sí, thuiginn; ach deirinnse léi nach bhfágfainn mo Mhaimí féin ar aon duine!
Dar go deimhin ní fheadar cé acu ag magadh bhínn féin nó nárbh ea. Is amhlaidh atá an scéal idir mé féin agus Mam: go mbímid mór le chéile uair um á seach, agus amhrasach ar a chéile formhór ár saoil, agus mise bocht i mbroid is i mórbhrón an chuid eile den aimsir.

Aimsir na broide atá anois tagtha orm. Táim féin is Mam i gcogadh dhearg lena chéile. B'fhéidir nach mar sin is ceart dom cur síos air, mar is í sin atá i gcogadh liomsa, agus mise ag díol as go cráite agus go dóite.
Tá sí le seachtain ag gabháil stealladh ormsa agus ní fhéadaim í a shasamh. Tá seacht bhfichid céad buicéad uisce beirthe isteach agam chuici ó thit sí amach liom, agus fiche céad míle milliún gabháil mhóna; agus tá mo chroí is m'ae ag rith ar a chéile agam ón gcosa in airde ag dul ar theachtaireachtaí di.

62
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 62

Scéalta