"Aon duine nach bhfuil sásta déanamh mar a deirimse leis
imíodh sé as an Dreoilín ar a' hap," arsa mise.
D'éist Tadhg Learaí Bhig.
"Cá bhfaighimid éadaí ban?" arsa Smulc, "agus cé hiad a mbeidh siad orthu?"
"Tadhg Learaí Bhig agus tusa, a Smuilc, gheobhaidh sibh iad agus cuirfidh sibh oraibh iad agus beidh sibh i bhur dhá n-óinseach."
"Níl aon bhean inár dtighne," arsa Tadhg, "ach mo mháthair agus is mó is mór a cuid éadaigh sin domsa."
Chuir sin i dteannta mé. Bhí 'fhios agam gur cheap sé go raibh buaite aige orm. Tháinig cochall orm chuige.
"Ná bac sin, a Thaidhg," arsa mise. "Ní fál go haer é. Gheobhaimid culaith óinsí duitse ná bíodh eagla ort. Bíodh sibh go léir anseo ar a hocht ar maidin gan teip. Agus anois téimis ar lorg dreoilín."

46
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 46

Scéalta