"Cad a dhein tú leis an ngandal seo?" arsa Daid.
Tháinig stad ionam féin. Níor mhaith liom bheith ag ceilt na fírinne maidin Lá Nollag.
D'inis mé an scéal ina chodanna beaga do Dhaid. Chonaic mé air go raibh sé míshásta liom.
"Díolfaidh tú as na cleasa lá éigin, a bhuachaill, ar seisean. "Is dócha gur tú a chuir deireadh
leis an gcat seo againne, leis, i bPoll a' Lín thíos."

Cheap mé go dtitfinn as mo sheasamh. Mheas mé nach raibh 'fhios ag aon duine beirthe é. Bhí mé maol-chluasach go maith ansin a deirim leat. Mheas mé dar ndóigh go n-ínseodh Daid an scéal do Mham. D'imigh mé liom go dtí an tAifreann. Le linn an Aifrinn d'iarr mé ar Dhia mé bhreith saor ón olc a bhí ag bagairt orm.

Nuair a tháinig mé abhaile ón Aifreann bhí an gandal in aice na tine ag Mam agus an t-anam ag teacht arís ann.
Ní bhfuair Mam amach riamh cad d'imigh air mar nuair tháinig Daid abhaile bhí sí ag iarraidh fios a fháil uaidh cé tháinig isteach ar maidin gur thug sé an fuisce as an mbuidéal dó.
Bhí Daid ag déanamh grinn den scéal agus ní inseodh sé di. Thug sé súil orm féin, uair, a d'fhág mé mhíchompórdach go leor.
Is maith é Daid mar sin féin.

43
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 43

Scéalta