"Á, hanaman! a Cháit," arsa mise, "inis dúinn cad tá agat."
"Ní inseoidh! ní inseoidh!" ar sise, agus gháir sí agus bhí sí ag rince agus ag caitheamh a cos.
Ní fhaca sí an t-eidhneán ar an urlár gur leag sé í agus, slán mar a n-insítear é! baineadh píosa mór
as cliathán ceann de na cupáin a bhí ina láimh.
Rug Cáit ar an bpíosa agus bhí sí ar crith ag iarraidh é a chur isteach ina áit féin arís féachaint an bhfanfadh sé istigh.

Ansin chrom sí ar ghol agus, a dhuine, bhí sí ag iarraidh a mhileán a chur ormsa. Chuir mé in iúl di nach mise faoi deara é ach í féin agus a cuid léimní: ach níorbh aon mhaith bheith ag caint léi. Ní dhéanfadh sí ach gol. Tháinig trua agam féin di sa deireadh.
"T'r'om é, a Cháit," arsa mise, "agus ní bheidh 'fhios ag Mam go deo é."
Thug me an cupán briste go dtí an driosúr agus chuir mé thíos faoi dhá chupán eile é agus an taobh briste isteach.
"Ó! a mhuiricín! cad a dhéanfaidh mé in aon chor má chíonn Mam é?" arsa Cáit.
Ansin dheineamar tae—muga an duine againn.
Sin é an uair a tharraing Cáit amach na rudaí a dúirt sí a bhí déanta aici - cístí beaga uachtair agus crústa siúcra orthu.
Fuaireamar im sa chupard agus chonaic mé féin próca mór de shubh a bhí ann agus clúdach páipéir ceangailte go daingean ar a bharr.

35
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 35

Scéalta