Thug siad na cosa leo síos ascaill an chaisleáin. Ó am go chéile, d’fhéach Clíona thar a gualainn agus chonaic sí na daoine eile ag faire uirthi. Bhí cuid acu fós ar a nglúine.
‘Nach raibh sin ar fheabhas? An bhfuil físeán déanta agat do Dhaid?’
Lig mam Chlíona a hanáil amach go mall. ‘Bhí sé sórt ar fheabhas agus rinne mé físeán ceart go leor. Ach a Chlíona, a stór, déanaimis dearmad air le do thoil. Níl trioblóid ar bith uaim.’

11