Bhí a lámha ag mam Chlíona ar a corróga. ‘Is leor sin mar chaint,’ ar sí. ‘Is cailín dhá bhliain déag d’aois í Clíona. Ní chuirfinnse i gceannas ar chluiche peile í, gan trácht ar an tír ar fad. Seo linn, a Chlíona, cuir síos an claíomh agus rachaimid ar ais go dtí an t-óstán.’
‘Á, ach a mham, seo an rud is fearr a tharla sna laethanta saoire.’
‘A Chlíona, ní déarfaidh mé leat arís é.’
Cé go raibh Clíona ag baint an-spraoi as a cuid éachtaí, thuig sí go raibh a mam ag éirí feargach. Chuir sí ar ais an claíomh. ‘Ceart go leor. Ach anois caithfidh tú teacht liom go dtí an phictiúrlann.’
‘Tá go breá.’
D’imigh an bheirt acu síos an cnocán. Bhí greim docht ag a mam ar rosta Chlíona, mar go raibh fearg uirthi, nó b’fhéidir imní.
‘Fanaigí. Ná himígí.’ Dheifrigh an treoraí ina ndiaidh. ‘Cé sibhse?’
Stad siad.
‘Is mise Clíona Ní Liatháin.’
Chroith an treoraí a cheann. ‘Ní dóigh liom gur ainm ríoga é sin.’ D’fhéach sé ar mham Chlíona go dóchasach. ‘An bhfuil sibh gaolta le duine dár ríthe?’
Rinne mam Chlíona gáire. ‘Beag an seans. Is Éireannaigh sinn.’
‘Éireannaigh!’ Bhí iontas ar an treoraí. ‘Ach fós...Sí... Sílim gur mhaith leis an gclaíomh go mbeadh Clíona ina banríon.’
D’imigh an gáire de mham Chlíona. Rug sí greim níos treise ar a rosta. ‘Ná... Ná habair sin. Táimid anseo ar saoire.’

10