‘Go léir déanta?’ Bhí an treoraí ag féachaint idir an dá shúil ar Chlíona.
‘Seo linn, a mham.’
‘Ó, a Chlíona, caithfidh tú triail a bhaint as. Is rud iontach é seo, rud speisialta. Do mhéara a chur ar an dornchla céanna a bhí ina lámh ag an Rí Artúr fadó.’
‘A mham, le do thoil, ná cuir iachall orm.’
‘A Chlíona, suas leat anois.’ Labhair a mam go géar ar dtús agus ansin go bog. ‘Ba mhaith liom pictiúr díot a chur chuig do dhaid.’
Bhí sé deacair do Chlíona argóint ina coinne. Bhí a daid ag obair ar an taobh eile den domhan agus ní raibh sé ábalta teacht ar saoire leo. Ach thaitin caisleáin agus laochra go mór leis. Thuig Sinéad gur bhreá leis pictiúr a fheiceáil di agus a lámh ar chlaíomh Excalibur.
Chabhraigh an treoraí léi dul suas ar an gcarraig. Bhí an grúpa go léir ag faire uirthi. Bhí a guthán réidh ag a mam. Smaoinigh Clíona ar a daid agus ní ar na daoine eile. Rinne sí meangadh leis an gceamara. Chrom sí agus chuir sí a lámh ar an gclaíomh.
‘Go raibh maith agat, a stór.’
Nuair a bhí an pictiúr ag a mam, sheas Clíona. Ar ndóigh, tharraing sí beagán ar an dornchla.
Go réidh, ciúin a shleamhnaigh an claíomh amach as an gcarraig. Bhí an lann ag lonrú faoi sholas na gréine.

7