Chonaic sí na daoine fásta ag imeacht amach doras an halla. Bhí dath órga ar sholas na gréine lasmuigh. Dheifrigh Clíona agus tháinig sí suas leo i gclós leathan féarmhar.
Bhí carraig iontach mór sa chlós, í ag glioscarnach faoi sholas na gréine. Bhí an charraig chomh mór sin go raibh an treoraí ina sheasamh air agus é ag míniú a scéil do na cuairteoirí.
‘Féachaigí anseo an charraig cháiliúil inar chuir an Rí Artúr an claíomh draíochta. Seo é an claíomh Excalibur!’ Bhí dornchla an chlaímh ag gobadh amach ó bharr na carraige agus leag an treoraí a lámh air go hurramach. ‘Féachaigí freisin an méid atá scríofa ar an gcarraig i seanteanga Cheilteach: Pé duine atá ábalta an claíomh seo a tharraingt as an gcloch, beidh an duine sin ina cheannaire dlistineach ar an tír.’ Dúirt an treoraí na focail go mall, drámata, mar a dhéanfadh aisteoir. Thaitin an chuid seo den turas go mór leis.
‘Ná cas do shúile mar sin, a Chlíona,’ arsa a mam léi. ‘Is scéal an-suimiúil é, dar liomsa.’
‘Tá cead ag gach cuairteoir triail a bhaint as an gclaíomh a tharraingt amach as an gcloch.’ Rinne an treoraí gáire beag leis féin. ‘Fiú mura mbeidh tú i do rí, beidh do lámh ar an gclaíomh díreach mar a bhí ag an Rí Artúr. Nach bhfuil sé sin dochreidte?’

6