Ní raibh 'fhios ag mo mhathair inné cad ina thaobh go raibh mo stocaí ar fad fliuch.
Bhí sí á rá gur drochleathar a bhí sna bróga. Ní fhaca sí mise in aon chor ag iarraidh an mála
a tharraingt isteach as Poll a' Lín thíos ar maidin le maide féachaint conas a bhí an cat a
chuireamar isteach ann inné roimhe sín. Chuaigh mé ró-fhada amach ar an bhfaobhar, a dhuine, agus
d'imigh an chos uaim agus dóbair domhsa dul in éineacht leis an gcat, ach gur rug Micilín Eoin orm agus gur tharraing aníos mé.

Nuair thugamar an cat isteach bhí sé marbh. Dúírt Micílín go dtiocfadh an t-anam arís ann mar gurb shin nós ag cait—éirí ón mbás naoi n-uaire. Sin é cúis gur bhámar é, tá fhios agat—féachaint an éireodh sé arís.
Má fhanann sé marbh beidh raic sa tigh seo againne, mar is é ár gcatna é, agus tá Mam tosaíthe ar bheith ag cur a thuairisce. Bím ag dul síos chuige go minic ó shin féachaint an mbeadh aon chorraí ann, ach am briathar go bhfuil sé ina stalca gan anam.

Bhí me á phriocadh agus dúirt mé "Bhuis, bhuis, bhuis!" leis, ach ní raibh aon chorraí as. Féach, mura mbíonn sé ina steille-bheatha amárach caithfidh Micilín a chat féin a chur sa mhála agus é bhá i bPoll a' Lín.
Ach, ag tagairt don aonach—bhí an-lá agam ann. Bhí sé le fada geallta dom go ligfí ann mé, agus bhí mé ag coimeád na bpinginí ina chomhair.

24
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 24

Scéalta