"Is amhlaidh… is amhlaidh a thit mé agus mé ag… rás le Jimín, a mháthair."
Bhí an drochamhras aici orm.
"Agus cad a leag thú?" ar sise, agus í ag cur na súl tríomsa.
Mheas mé go raibh léasadh eile ag teacht chugam, ach shaor Micilín mé.
"Agus bhí an áit lán de lathaigh; ach féach, a Mham, ghlan Jimín agus Cáit mé. Níor imigh seoid a bharra orm."
Agus siúd le Micilín arís agus tharraing sé an bheirt eile againn leis.
An-bhuachaill is ea an Micilín sin. Ní raibh fhios agam go dtí anois é.

Níl an náire imithe díom fós roimh Cháit… ach táim an-cheanúil uirthí, agus ní chuirfidh mé ag gol go deo arís í.

22
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 22

Scéalta