Cabidil 9: Ar ais ar Scoil 

An chéad lá ar ais ar scoil. Thug a daid barróg do Chlíona agus í ag fágáil an tí.
Bhí bean an phoist ag siúl síos an tsráid.
‘Maidin mhaith, a Chlíona,’ ar sí.
‘Dia duit ar maidin,’ a d’fhreagair Clíona.
Chnag sí ar an doras cúig theach suas an bóthar.
‘Maidin mhaith,’ arsa Clíona le mam a cara a d’oscail an doras.
‘Móra duit ar maidin, a Chlíona. Helen! Tá Clíona anseo.’
Shiúil Clíona agus a cara Helen i dtreo na scoile. Labhair Helen faoina madra beag nua. Bhí sé go hálainn. Bhí sé gleoite. Fiú nuair a rinne sé a mhún ar urlár na cistine, bhí sé gleoite. Bhí cailíní eile ar a slí ar scoil freisin.
‘Maidin mhaith, a Chlíona,’ arsa an tiománaí bus.
‘Móra duit,’ a d’fhreagair Clíona.
Fuair sí teachtaireacht ar a guthán ó Dylan nuair a shuigh sí féin agus Helen síos.
Ní chreidim go bhfuilimid ar ais ar scoil tar éis gach rud a tharla. An-leadránach.
Bhreac Clíona a freagra. Is maith liom an scoil. Mé ar an mbus anois agus an-sásta.
Iontas orm gur maith leatsa an scoil. An nglaofaidh mé ort anocht, comhrá faoin lá?
Cinnte.

40