Shroich siad an scoil agus shuigh Clíona ina seomra ranga nua, a seanchairde ina timpeall.
An chéad ábhar a bhí acu ná Gaeilge. Rinne an múinteoir, Bean Mhic Aogáin, meangadh leis an rang. ‘An chéad aiste a scríobhfaidh sibh ná – cad eile – cur síos ar bhur laethanta saoire. Agus ceapaim go mbeidh an-suim agaibh éisteacht le ceann Chlíona.’
Rinne duine éigin bualadh bos. Rinne gach duine bualadh bos. Tháinig luisne ar Chlíona.
‘Maith go leor,’ arsa an múinteoir. ‘Anois socróimid síos agus ní chuirfimid as do Chlíona. Bígí ciúin, le bhur dtoil.’
Chrom Clíona a ceann agus thosaigh sí ag scríobh. Seo mar a chuir sí tús lena haiste. ‘An samhradh seo chuaigh mé go Sasana. Chas mé le Merlin an draoi. B’fhéidir gur chabhraigh mé le deireadh a chur leis an ríocht sa Bhreatain. Bhain mé an-spraoi as.’

41