Cabidil 7: Merlin 

Chaith an Stiúrthóir an lá ag cleachtadh a cuid cainte le Clíona. Bhí foireann an pháláis an-chúirtéiseach léi agus chuaigh sí féin agus Dylan ag siúl thart ar an bpálás. Gach doras a shroich siad, d’oscail beirt shearbhóntaí in éide é. Bhí gach seomra níos galánta ná a chéile.
Galánta ach marbhánta, díreach mar a bhí na háiteanna leadránacha eile a raibh Clíona agus a mam ar cuairt orthu le linn na laethanta saoire. Seomraí breátha nach mbíodh aon duine ina suí iontu. An difríocht ná nach raibh rópaí anseo a chuir stop leat do lámh a chur ar an troscán. Bhí roinnt seomraí suimiúil, mar shampla, an ceann Indiach ina raibh cófraí lán d’éadaí áille síoda. Ach bhí trua ag Clíona don tíogar marbh a raibh a chraiceann ina luí ar an urlár, agus don eilifint mharbh a raibh a starrfhiacla móra thuas ar an mballa.
‘Is airgead mór é cúig mhilliún punt, mar a thuigim,’ arsa Dylan. ‘Ach níl ann ach airgead.’
‘Caithfidh go bhfuil tú an-saibhir má cheapann tú sin.’
‘Níl. Ach tá a fhios agat cad atá i gceist agam.’

29