Caibidil 6 Tairiscint 

Bhí pian ina muineál ag Clíona. Bhí sí ag stánadh in airde i halla iontach mór. Le péint órga a maisíodh an díon, agus an pátrún lúbach céanna air arís is arís eile. Gach fiche méadar bhí péire colún ollmhóra marmair ag síneadh suas ón urlár, a raibh brat galánta dearg air. Bhí na dosaein portráidí ar na ballaí, ar ndóigh, agus frámaí costasacha órga orthu.
‘Sea, fan go bhfeicfidh mé.’ Fear aosta a raibh culaith agus carbhat cuachóige air a scrúdaigh iad. D’fhéach sé ar ais ar a chuid nótaí. ‘Na mná uaisle atá linn ná Clíona Ní Liatháin agus Ailbhe Bean Uí Liatháin. An fear óg ná...?’
‘Dylan. Dylan Jones.’ Dúirt Dylan a ainm ar bhealach a thug ar Chlíona féachaint go géar air. Bhí sé trí chéile ceart go leor, luisne ar a ghrua agus a lámha fáiscthe.
‘An Máistir Dylan Jones. Go maith.’ Go mall a scríobh an searbhónta ríoga ainm Dylan síos ar a chlár nótaí. Chuir sé a pheann ar ais go cúramach i bpóca a sheaicéid ansin. ‘Casfar an Rí oraibh go luath. Tabharfaidh mé roinnt treoracha daoibh maidir le dea-bhéasa. Creidim nár casadh aon duine den teaghlach ríoga oraibh cheana?’

22