An Madra Beag Bán

Bhí madra beag álainn ann
Madra beag bán
Agus thaitin filíocht leis –
Filíocht amháin

Thaitin Raifteirí go mór leis
Agus Charles Baudelaire
Agus b’fhearr leis an fhilíocht
Ná bheith amuigh faoin spéir

Dá dtabharfá rogha dó –
Dán nó cnámh?
Roghnódh sé an dán
Is bheadh a intinn sona sámh.

(Ealaín: Albert Edelfelt)

An Madra Beag Bán

Bhí madra beag álainn ann
Madra beag bán
Agus thaitin filíocht leis –
Filíocht amháin

Thaitin Raifteirí go mór leis
Agus Charles Baudelaire
Agus b’fhearr leis an fhilíocht
Ná bheith amuigh faoin spéir

Dá dtabharfá rogha dó –
Dán nó cnámh?
Roghnódh sé an dán
Is bheadh a intinn sona sámh.

(Ealaín: Albert Edelfelt)