Sobal

“Tá tinneas cinn im ruball”
Arsa an cat leis an dochtúir
“Fan go n-ullmhóidh mé an sobal
Fan, ná corraigh, a Chonchúir.”
Tháinig sé ar ais ansin le báisín beag buí
A raibh uisce te le sulfar ann, “Más miste leat suí”

“Ó, ná bac, led thoil, a dhochtúir!
Nach ndéanfadh piolla beag an gnó?”
“Ní dhéanfadh”, arsa an dochtúir,
“Is é an sobal an t-aon rud dó.”

Sobal

“Tá tinneas cinn im ruball”
Arsa an cat leis an dochtúir
“Fan go n-ullmhóidh mé an sobal
Fan, ná corraigh, a Chonchúir.”
Tháinig sé ar ais ansin le báisín beag buí
A raibh uisce te le sulfar ann, “Más miste leat suí”

“Ó, ná bac, led thoil, a dhochtúir!
Nach ndéanfadh piolla beag an gnó?”
“Ní dhéanfadh”, arsa an dochtúir,
“Is é an sobal an t-aon rud dó.”