‘A Dhragúin, gardáil an leabhar sin!’ a scairt an Prionsa Antinous. ‘Tá mé ag dul síos chugat.’
‘D’iarr tú orm an caisleán a ghardáil, sin an méid.’ Chuala siad beirt an dragún ag drantán agus é ag breith ar an leabhar. Bhí a sciatháin mhóra sínte amach aige agus an leabhar ag dul ina bhéal.
‘Ná déan!’ arsa an prionsa agus eagla air.
Bhí fiacla móra géara an dragúin ag cogaint agus ag mungailt an leabhair. Bhí a chuid fiacla chomh géar go stróicfidís crann mar a stróicfeadh tusa slis aráin. Ach bhí an leabhar fós in aon phíosa amháin.
Chaith an dragún an leabhar amach as a bhéal. Tharraing sé a anáil go domhain. Tharraing sé agus tharraing sé aer isteach ina chorp ollmhór. Bhí Chloe agus an Prionsa Antinous ag faire air, dóchas ina croí ag an gcailín agus eagla i súile an phrionsa. Go tobann scaoil an dragún lasracha tine as a bhéal síos ar an leabhar, rois lasracha geala fíochmhara. Bhí an féar mórthimpeall air dubh dóite agus na sceacha trí thine. Ach bhí Leabhar na Mianta fós in aon phíosa amháin.

34