Ag labhairt le Dragún 

Bhí súile Chloe ag leathadh ina ceann agus í ag féachaint ar na seomraí sa chaisleán. Bhí gach iontas níos iontaí ná a chéile iontu. Chaithfeá an lá ar fad ag siúl timpeall ar na seomraí. Bhí rudaí áille costasacha iontu a fuair an prionsa mar bhronntanais, agus bhí sé soiléir freisin gur úsáid sé Leabhar na Mianta chun an caisleán a líonadh le troscán agus earraí galánta nach raibh ag aon duine eile.
Shiúil Chloe ó sheomra go seomra ar a barraicíní. Chonaic sí dealbha órga agus scátháin a raibh seoda lonracha greamaithe orthu. Chonaic sí ainmhithe móra a bhí réidh le léim uirthi, dar léi, ach go raibh siad stuáilte: tíogar, béar, srónbheannach agus fiú aonbheannach. Bhí clár fichille ollmhór i seomra amháin, déanta as adhmad speisialta dubh ar a dtugtar éabann, agus na píosaí déanta as eabhar ó starrfhiacla eilifintí. I seomra eile bhí na soilse déanta as diamaint, na mílte coinneal lasta ann agus gach dath faoin spéir ag soilsiú ar an urlár álainn snasta.

27