An chéad lá eile, stop an bháisteach faoi dheireadh. Iontas na n-iontas, bhí an bóthar mór trí Scheria go breá tirim, gan puiteach ar bith air. Bhí bratacha móra ildaite crochta ar na foirgnimh. Bhí bratacha ar gach teach agus suaitheantas an phrionsa le feiceáil orthu. Sheas na daoine ar thaobh na sráide agus bratacha órga is airgid ina lámha. Bhí a gcroíthe trom agus a súile brónach.
‘Seo chugainn an Prionsa Antinous! Seo chugainn an Prionsa Antinous!’ Chuaigh an teachtaire ar sodar trí na sráideanna chun a chinntiú go raibh gach duine réidh.
Níor thug aon duine bualadh bos don phrionsa. Ach nuair a chonaic siad ag teacht é, chroith siad na bratacha beaga san aer. Bhí an prionsa agus a chairde go léir ar muin capaill agus iad gléasta in éadaí áille. Bhí na giollaí sa scuaine freisin agus búclaí airgid ar a mbróga. Nuair a chonaic muintir an bhaile an prionsa thuas ar a chapall, síos leo ar a nglúine agus a gceann cromtha acu.

15