Brocach salach  

Faoi dheireadh an lae, bhí an saol trína chéile i Scheria. Ní raibh aon duine ag eitilt níos mó; ní raibh ór ná airgead ná potaí draíochta acu; bhí tinneas agus bás ina measc arís; níorbh í Chloe an cailín ab áille ar domhan agus bhí Tabitha an gabhar ar strae arís. Bhí mianta iontacha an phobail ar ceal.
Agus ní fada go raibh an saol níos measa ná mar a bhí riamh. Thosaigh an bháisteach ag doirteadh ón spéir. Lean an bháisteach gach lá agus thuig na daoine nach stopfadh sí. Lá gruama amháin, theip ar na barraí a bhí ag fás sna páirceanna. Fuair na plandaí bás agus ní raibh bia ar bith ag na daoine.
Tháinig teachtaire go Scheria an tráthnóna sin. Bhí puiteach ar na sráideanna agus bhí air siúl go cúramach. Shéid sé ar a thrumpa agus bhéic sé os ard: ‘Amárach tiocfaidh an Prionsa Antinous go Scheria. Má sheasann sibh ar thaobh na sráide agus umhlú dó go béasach, cuirfidh sé stop leis an mbáisteach agus cuirfidh sé na barraí ag fás arís. Ach má bhíonn sibh drochbhéasach leis, déanfaidh sé froganna díbh!’ Shiúil an teachtaire thart ar an mbaile agus rinne sé an fógra céanna ar fud an bhaile.

13