Caib 1 

Bhí fearg orm. Fearg le mo mham agus fearg leis an saol. Ní thuigeann mo mham mé. Bíonn a cloigeann sna scamaill. Smaoiníonn sí ar na rudaí atá mícheart sa saol mór. Ach ní smaoiníonn sí ar na rudaí atá mícheart i mo shaolsa.
Bhí plean aici do laethanta saoire na Cásca. Plean le dul ag taisteal in Éirinn. Agus níor thaitin a plean nua liom ar chor ar bith.
‘Bus?’
‘Busanna agus traenacha. Agus báid’.
‘Busanna? Níos mó ná ceann amháin?’
‘Cúpla bus, is dócha.’
‘Ach tá carr againn. Ní théann aon duine ar a laethanta saoire ar bhus. Ceapfaidh mo chairde go bhfuil mé craiceáilte.’
‘A Róise, is cinnte go dtéann a lán daoine ar saoire ar bhus,’ a d’fhreagair sí go socair. ‘Beidh an turas níos suimiúla ar an mbus ná sa charr. Beidh daoine eile timpeall orainn. Agus is maith leat traenacha. Is maith leat báid.’
Chuir mé síos mo spúnóg agus chrom mé mo cheann go crosta. Bhí anraith againn don dinnéar, é lán de lintilí agus de ghlasraí. Bhí arán donn a raibh síolta is cnóite ann leis an anraith. Bhí prátaí bácáilte le cáis san oigheann freisin. Bia sláintiúil, a réitigh Mam sa bhaile. Ní bhíonn feoil againn ach uair nó dhó sa tseachtain. Sin scéal eile nár mhaith liom a insint do mo chairde. Tá triúr nó ceathrar i mo rang nach n-itheann feoil ach ní cairde liom iad.
‘Teastaíonn uaim dul ar saoire ar eitleán,’ a dúirt mé. ‘Tá Sinéad agus leath an ranga ag dul go dtí an Spáinn. Tá Zara ag dul go dtí an Veinéis agus rachaidh sí go Meiriceá sa samhradh.’
‘Bhí comhrá againn faoi seo cheana, a Róise. Dúirt mé leat...’
‘Dúirt tú liom cén plean a bhí agatsa. Ach níor chuir tú ceist orm cén plean ba mhaith liomsa.’

1