Tar éis fiche nóiméad eile, bhí Clíona agus a mam gléasta agus iad réidh don lá. Nuair a d’oscail siad an doras do Dylan, bhí sé lán fuinnimh agus brí.
‘Féach,’ ar sé agus a ghuthán in airde aige. ‘Os cionn milliún amharc agus iad ag méadú gan stad.’ Chonaic siad an píosa físeáin a thaispeáin Clíona ag tarraingt an chlaímh as an gcarraig agus í ag gáire.
A thiarcais, bhí clú agus cáil uirthi! Bhí gliondar ar Chlíona agus í ag smaoineamh ar a cairde scoile. Bheidís ar bís an scéal ar fad faoin gclaíomh a chloisteáil. Thiontaigh sí chuig a mam agus d’fhág an gliondar í láithreach. Bhí a mam ag croitheadh a cinn agus í an-bhuartha.
‘Caithfear stop a chur leis seo.’
‘Ní féidir leat stop a chur leis,’ arsa Dylan. Labhair sé le mam Chlíona mar a dhéanfadh múinteoir le páiste dhá bhliain déag d’aois. ‘Caithfidh tú smacht a chur air. Tá a lán criúanna ceamara agus iriseoirí thíos staighre. An rud a mholaim ná agallamh eisiach a shocrú le dream amháin. Déarfainn go mbeadh míle punt le fáil agaibh as.’
‘An ndéarfá anois?’ Go dímheasúil a dúirt mam Chlíona é agus bhí beagán trua aicise do Dylan. Ní raibh uaidh ach cabhrú leo.
‘Ní ghlacfaidh mise le pingin rua,’ arsa a mam. ‘Agus tusa,’ ar sí le Clíona, ‘ná bíodh éirí in airde ort. Níl aon rud iontach cliste déanta agat.’
‘Ach a mham, roghnaigh an claíomh mise mar bhanríon.’

13