Is ceachtanna iad seo do na ranganna naíonán i ngaelscoileanna/ scoileanna Gaeltachta agus suas go ranganna 1 & 2 i ngnáth scoileanna.
Leagan amach na gCeachtanna
- Ag tús an cheachta tá an cheist luaite.
- Sa cheacht é féin, cloistear an cheist go huathoibríoch nuair a bhogtar ó leathanach go leathanach.
- Cloistear freagra na ceiste nuair a bhrúitear ar an bpictiúr.
- Tá pictiúr ar gach leathanach a chabhraíonn le tuiscint na bpáistí.
Níl aon scríbhneoireacht sa cheacht mar is í aidhm an cheachta seo ná foclóir na bpáistí a leathnú agus a threisiú.
Is trí éisteacht agus athrá a théann struchtúr abairte na Gaeilge i bhfeidhm ar na páistí.
- Sa quiz, nuair a bhrúitear ar an bpictiúr, cloistear an cheist. Is faoina páistí atá sé na freagraí a thabhairt gan acu ach an nod pictiúrtha mar threoir. Is bealach éasca é seo chun foghlaim na bpáistí a thomhas.